Sunday, April 29, 2007

Peil Ghaelach i Muineachán


Sa bhliain 2007, bhí tús iontach againn agus lean sé ar aghaidh sa sraith náisiúnta ar fad, sna cluichí leige. Níor chaill Muineachán cluiche ar bith i rith na gcluichí sa sraith agus ar ndóigh, beidh Muineachán ag imirt sa sraith 2 an bhliain seo chugainn. Sa cluiche leathcheannais i gcoinne na Mí , bhí an-dóchas ag an gcontae gur féidir linn dul ar aghaidh go dtí an craobh i gcoinne Ros Comáin nó an Chabháin. Is athimirt den chraobh dhá bhliain ó shin é in aghaidh na Mí nuair a fuair na 'Fir Farney' cúl áidh sa soicind deireanach agus bhí an bua ag Muineachán. Bhí áthas an domhain ar gach mac máthair sa lá sin ó Mhuineachán.


Maidir leis an gcomórtas mór, is é ár gcead chluiche in aghaidh na mbuaiteoirí, An Dún in aghaidh an Chabháin. An mbeidh an bua againn ansin, níl a fhios ag cách ach dá mbeadh an bua againn ansin, beimid sa chluiche leathcheannais agus seans iontach againn chun dul go dtí an cluiche Ceannais Uladh. Nach iontach e sin a bheith in aghaidh na léithéidí de Thí Eoghain, Ard Mhacha nó Dhún na nGall sa chraobh.



Corn Domhanda Rugbaí

Corn Domhanda Rugbaí 2007

I mbliana, sa Fhrainc ag tosú ar an seachtú la de Mheán Fomhair beidh an Corn Domhanda Rugbaí ar siúl. Sé an Corn Domhanda Rugbaí an tríú Comórtas Spóirt is mó sa domhan tar éis an Corn Domhanda Sacair agus na cluichí Oilimpeacha. Ar ndóigh, beidh Éire ag glacadh páirte agus gan amhras beidh gach duine sa tír, idir shean agus óg, idir ghorm agus gheal, idir Chaitliceach agus Phrotastúnach ag iarraidh an buachaint a bheith ag Éirinn.



Tar éis an díoma a bhí againn sna sé náisiún, nuair a chailleamar in aghaidh na Fraince sa nóiméad deireanach, tá an-fhéinmhuiníne ag foireann na hÉireann go mbeimid in ann imirt den chead scóth in aghaidh na bhfoirne is fearr sa domhan. D'fhéadfaí a rá go mbeimid ag brath go láidir ar chaptaen na tíre, Brian O Driscoll agus tá súil ag gach duine go mbeidh sé i gceart agus ar ais tar éis a ghortaithe i rith an chomórtais, na sé náisiun. Pé scéal é, ní he Brian O Driscoll an t-aon duine amháin atá fíorthábhachtach i bhfooireann na hÉireann. Tá ról le glacadh ag Peter Stringer, Paul O Connell, Gordan D'arcy, Shane Horgan agus Ronan O Gara. Dá mbead cách ag imirt a seacht ndícheall tá fíorsheans againn.

Is iad seo cluichí na hÉireann:

Éire in aghaidh Namibia, 9 Meán Fomhair 2007 @ 8.i.n.

Éire in aghaidh Georgia, 15 Meán Fomhair 2007 @9.i.n.

Éire in aghaidh na Fraince, 21 Meán fomhair 2007 @ 9.i.n.

Éire in ahgaidh na hArgentíne, 30 Meán fomhair 2007 @9i.n.

Spórt in Éirinn

Spórt in Éirinn

Is iomaí spórt a imrítear in Éirinn sa lá atá inniu ann, ó Pheil ghaelach go Cruicéad ( 'sea chonaic tú Cruicéad), ó Shacair go liathróid láimhe. Chomh maith leis sin bíonn daoine óga ag imirt gach cinéal spórt ó lá go lá. Is dócha gurb é Na Cluichí Ceannais na hÉireann, Peil agus Iománaíocht, na heachtraí is mó a tharlaíonn i rith na bliana do mhuintir na hÉireann. Sa bhliain 2006, bhuaigh Ciarraí an Corn Sam Maguire in aghaidh Mhaigh Eo agus bhuaigh Cill Chainnigh an corn Liam Mc Carthy in aghaidh Chorcaí. Stop Cill Chainnigh Corcaigh anuraidh trí in aghaidh le chéile a bhuachaint


An Corn Sam Maguire

I mbliana, is dócha go bhfuil Ciarraí agus Cill Chainnigh ina roghanna Coitianta ach ní bheidh sé chomh héasca sin. Is léir go mbeidh Ard Mhacha agus Tír Eoghain ón Uladh ag iarraidh stop a chur ar na daoine ó Dheas. Beidh Baile átha Cliath, Laois agus Cill Dara ag mothú go bhfuil seans acu i mbliana agus beidh Gaillimh agus Maigh Eo ar ndóigh ag smaoineamh go mbeidh an lámh in uachtar acu anois.


Ciarraí ag buachaint Sam Maguire i 2006

Maidir le hiománaíocht beidh go leor doine ag lorg go mbeidh ainm nua greannta i gcorn Laim Mac Carthy, cosúil le(is) An Clár, Tiobráid Arainn, Gaillimh, Luimneach agus b'fhéidir i mbliana Port Láirge. Arsaíonn an scéal an aimsir.


Mar fhocal scoir anseo ba mhaith liom go bhfeicfidh mé an lá agus go mbeidh beo beathach, fiú ma táim ar an dé deiridh go mbeidh an buachaint ag Muineachán ag Muineachán ar an gcorn Sam Maguire. Ní rabhamar riamh i gcluiche Ceannais na hÉireann, b'fhéidir gur chóir dúinn a bheith ann sa bhliain 1985 ach mar a deirtear, chailleamar an "buidéal" sa leathcheannais.

Muineachan Abú!